
Nuacht Mhall
19 Meán Fómhair 2026 (An Clár)
Nuacht Mhall. Príomhscéalta na seachtaine, léite go mall. * Inniu an naoú lá déag de mhí Mheán Fómhair. Is mise Niall Ó Cuileagáin. Tá imní léirithe ag na comhlachtaí móra sa tionscal intleachta saorga mar gheall ar an gcumhacht atá ag an dteicneolaíocht anois. Scríobh an príomhfheidhmeannach de chuid Anthropic, Dario Amodei, aiste inar thug sé rabhadh don domhan faoin dainséar a bhaineann leis an dteicneolaíocht. Scríobh sé go bhfuil orainn an luas forbartha a mhoilliú san earnáil ar eagla go rachadh an teicneolaíocht as smacht agus deireadh a chur leis an gcine daonna. D’fhógair Google an tseachtain seo gur éirigh lena bhota comhrá, Gemini, haiceáil a dhéanamh ar chomlachtaí eile as a stuaim féin. Beidh Sam Altman, príomhfheidhmeannach de chuid OpenAI, ag tabhairtráiteas do cheannairí domhanda sa Náisiúin Aontaothe faoi na bagairtí abhaineann le hIntleacht Shaorga. Tá na comhlachtaí intleachta saorga ag iarraidh go mbeidh níos mó rialachán san earnáil chun na bagairtí seo a sheachaint, ach de réir cúpla saineolaí, tá siad ag déanamh áibhéil ar an gcontúirt agus ag iarraidh smacht iomlán a choimeád ar an earnáil. Ionsaíodh an Teachta Dála ó Chiarraí Theas, Michael Healy-Rae an tseachtain seo agus é ag tiomáint trí chathair Bhaile Átha Cliath. Tharla an t-ionsaí ar Shráid Chorcaí Dé Céadaoin nuair a bhí an Teachta Dála sáinnithe sa trácht. Tugadh fear darb ainm Anthony Foley os comhair na cúirte Dé hAoine agus cúisíodh é; ní dúirt sé aon rud nuair a cuireadh an chúis ina leith. Tuigtear gur thug an fear buille ar Healy-Rae tríd an bhfuinneog agus gur gearradh liopa Healy-Rae go dona agus go raibh air seacht ngreim a fháil. Cháin polaitheoirí ó gach páirtípolaitaíochta agus tráchtairí sna meáin an t-ionsaí go géar. Dúirt ceannaire Phairtí an Lucht Oibre, Ivana Bacik, gur ionsaí ar an ndaonlathas a bhí ann. Tharraing an t-amhránaí Ed Sheeran conspóid mhór an tseachtain seo nuair a chaith sé an t-aoicheoltóir Macklemore amach as a chamchuairt i Meiriceá mar gheall ar an óráid a thug sé inar léirigh sé tacaíocht do mhuintir na Palaistíne. Mhaígh Macklemore gur díbríodh é tar éis don bhilliúnaí Robert Kraft, a bhfuil seilbh aige ar cúpla staid sa chamchuairt, a mhíshásamh a léiriú do Sheeran agus bagairt a dhéanamh an chamchuairt iomlán a chur ar ceal. Chuir Sheeran teachtaireacht amach inar dhiúltaigh sé taobh a ghlacadh agus tar éis sin, tharraing gach aoicheoltóir eile amach as an gcamchuairt, Éireannaigh ina measc, an t-amhránaí Aaron Rowe agus an grúpa ceoil traidisiúnta, Beoga. D’fhógair an stáisiún raidió Éireannach Classic Hits nach mbeidh siad ag craoladh Sheeran ar an stáisiún níos mó agus gheall Macklemore go dtabharfaidh sé an méid airgid a fuair sé ó na ceolchoirmeacha a dhein sé sa chamchuairt go dtí seo go carthanais Phalaistíneacha. * Léirithe ag Conradh na Gaeilge i Londain. Tá an script ar fáil i d'aip phodchraolta. * GLUAIS rabhadh - warning bota comhrá - conversation bot greim - stitch daonlathas - democracy aoicheoltóir - guest musician camchuairt - tour

